
Ryan McGinty – Comhpháirtí
Cyril Mac Gíonntaigh
An príomh-chomhlacht
Tá Cyril ina chomhpáirtí i Ryan McGinty atá ag feidhmiú in Earnáil na nGnólachtaí Beag agus Meánmhéide. Tá Cyril ag obair ar son gnólachtaí mar Chuntasóir Deimhnithe Cairte le 40 bliana.
Is saineolaí é i gcúrsaí gnó a bhfuil baint acu le Díol agus Ceannach Comhlactaí, Tarrtháil agus Ath-chóiriú Gnóthaí Corparáideach, Cuntasaíocht Fhóiréinseach agus déanamh Ionadaíochta do chliaint sa Chúirt.
Tá sé ina Chomhalta de Chomhairle ISME, an príomh chomhlacht ionadaíoch d'fhiontair bheaga agus meánmhéide in Éirinn - http://www.isme.ie/.
Tá sé ina Stiúrthóir ar Galway City Business Association (http://www.galwaycba.ie/) a dhéanann ionadaíocht don Earnáil Mhiondíola i nGaillimh.
Tá sé ina Stiúrthóir ar Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) Teoranta (http://www.mfg.ie/) chomh maith le bheith ina bhall den Choiste Bhainistíochta.
Chuireadh sé cúrsaí a bhaineadh le Cáin agus Bainistíocht Ghnó i láthair d'Institúid Chuntasóirí Cairte na hÉireann. Chom maith leis sin, d'fhoilsíodh sé ailt ar ábhair éagsúla don Institúid chéanna.
Denise Ní Riain
Is Cuntasóir Deimhnithe Cairte í Denise le taithí 15 mbliana i gleachtas poiblí, ag déileáil le gnólachtaí in Earnáil na nGnólachtaí Beag agus Meánmhéide.
Tá saineolas aici i bhForbairt Ghnó. Pleanáil agus Laghdú Cánach. Iniúchóireacht agus Bunú Gnó.
Chuireadh sí cúrsaí a bhaineadh le Rialachas Corporáideach, Corprú Comhlachtaí agus Laghdú Cánach i láthair don phobal.
Sampla d'ár gCliaint
-
Fograíocht
Ceannaithe Earraí Tógála
Busanna ar Cíos
Miondíoltóirí Caranna
Comhlachta Carthanachta
Tionscal na gCeimiceán
Dearadh
Garáistí
Óstáin
Eagraíochtaí gan beann ar Bhrabús
Miondíoltóirí Peitril agus Ola
Miondíoltóiri Éadaigh
Miondíoltóiri Crua-earraí
Forbairt Bhogearraí
Déantúsaíocht
Teicneolaíocht Chogasaíochta
Rothair ar cíos
Títhe Tábhairne
Saoir Bháid
Tógálaithe
Doctúirí
Coláistí Teangan
Bialainn
Teiripeoir Scéimhe
Ealantóirí
Fochonraitheoirí Tógála
Bácúis
Lónadóiri
Teiripeoirí
Cúram Leanaí
Teicneoirí Ríomhaireachta
Ceoltóirí
Scríobhnóirí Scripte
Tarlóirí Bóthair
